Téigh chuig an ábhar
Eureka An Digital Fairness Act Togra
GA teanga

Airteagal 30 · Forfheidhmiú

Oscail sa Reader

Cuid de: Dearadh andúile, Mionaoisigh, Forfheidhmiú agus pionóis

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Bheadh ar na Ballstáit bealaí leordhóthanacha éifeachtacha a áirithiú chun comhlíonadh a áirithiú, lena n-áirítear caingean ag daoine nó eagraíochtaí a bhfuil leas dlisteanach acu, iomaitheoirí san áireamh, os comhair cúirteanna agus/nó údarás riaracháin. D’fhéadfaidís sin a ordú go scoirfí de chleachtais tráchtála éagóracha nó cleachtais atá ar tí tarlú a thoirmeasc. Bheadh cumhachtaí ag an gCoimisiún imscrúdú agus forfheidhmiú a dhéanamh maidir le sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais, faoi réir eisceachtaí liostaithe.

Cé a d’fhéadfadh beart a dhéanamh i gcoinne cleachtas éagórach Faoin togra, d’fhéadfadh daoine nó eagraíochtaí a mheastar faoin dlí náisiúnta a bhfuil leas dlisteanach acu i gcomhrac i gcoinne cleachtais tráchtála éagóracha, lena n-áirítear iomaitheoirí, caingean dlí a thabhairt i gcoinne na gcleachtas sin agus/nó iad a thabhairt os comhair údaráis riaracháin; is é gach Ballstát a chinnfeadh cé acu de na modhanna sin a bheadh ar fáil. Bheadh cumhachtaí ag cúirteanna nó ag údaráis riaracháin a ordú go scoirfí de chleachtais tráchtála éagóracha agus, mura bhfuil cleachtas curtha i gcrích fós ach go bhfuil sé ar tí tarlú, a ordú go dtoirmeascfaí é, fiú gan cruthúnas ar chaillteanas nó ar dhamáiste iarbhír ná ar rún nó ar fhaillí ar thaobh an trádálaí. Taispeántar sa phictiúr grúpa daoine agus foirgneamh gnó ag an mbarr, dhá shaighead chuig cúirt agus chuig údarás riaracháin le bratach eatarthu, agus faoina mbun bosca le dhá ordú. leas dlisteanach iomaitheoirí san áireamh Ballstát a chinnfeadh caingean dlí údarás riaracháin agus/nó scor ar tí tarlú: toirmeasc gan cruthúnas caillteanais
Bealaí forfheidhmiúcháin speisialta Faoin togra, ceithre bhealach forfheidhmiúcháin speisialta, gach ceann díobh tarraingthe mar shraith ar leith; ní léarscáil iomlán iad na sraitheanna de cé a d’fhorfheidhmeodh an Rialachán. Sraith 1: bheadh cumhachtaí ag an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh agus comhlíonadh a fhorfheidhmiú i ndáil le sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) [New CPC Regulation] (foclaíocht an Bhéarla) iad, cé is moite de na hábhair in Airteagal 2(3), (4), (7) agus (8) agus in Airteagal 28(3). Sraith 2: d’fhorfheidhmeodh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú faoi Rialachán (AE) [EU KIDS Act] (foclaíocht an Bhéarla) Airteagail 14(2), 15(3) agus 16, na forálacha maidir le mionaoisigh, do thrádálaithe atá faoi raon feidhme an Rialacháin sin amháin agus faoi na coinníollacha a shonraítear ann. Sraith 3: d’fhorfheidhmeodh na húdaráis arna n-ainmniú faoi Rialachán (AE) 2022/2065 Airteagal 17(1) i gcás trádálaithe ar soláthraithe ardán ar líne iad. Sraith 4: d’fhorfheidhmeodh na húdaráis arna n-ainmniú faoi Rialachán (AE) 2024/1689 Airteagal 17(1) i gcás trádálaithe ar soláthraithe nó úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga iad laistigh de raon feidhme an Rialacháin sin. sáruithe forleathana gné Aontais Coimisiún faoi 18 Airteagail 14(2), 15(3), 16 EU KIDS Act údaráis Airteagal 17(1) ardáin ar líne Rialachán (AE) 2022/2065 Airteagal 17(1) córais IS Rialachán (AE) 2024/1689
Dhéanfadh an Coimisiún forfheidhmiú i gcoinne sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais, agus dhéanfadh údaráis a ainmnítear faoi thrí ghníomh eile ceithre fhoráil a fhorfheidhmiú maidir leis na trádálaithe a chumhdaítear leis na gníomhartha sin.

Téacs Airteagal 30togra an Choimisiúin

Airteagal 30

Forfheidhmiú

1.Áiritheoidh na Ballstáit gur ann do mhodhanna leordhóthanacha éifeachtacha chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú ar mhaithe le leas tomhaltóirí.

Ar na modhanna sin beidh forálacha dlíthiúla faoina bhféadfaidh daoine nó eagraíochtaí a mheastar faoin dlí náisiúnta go bhfuil leas dlisteanach acu maidir le cleachtais tráchtála éagóracha a chomhrac, lena n-áirítear iomaitheoirí, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)caingean dlí a thionscnamh in aghaidh cleachtais tráchtála éagóracha den sórt sin;

agus/nó

(b)cleachtais tráchtála éagóracha den sórt sin a thabhairt os comhair údarás riaracháin atá inniúil ar chinneadh a dhéanamh maidir le gearáin nó ar imeachtaí iomchuí dlíthiúla a thionscnamh.

Cinnfidh gach Ballstát cé na modhanna dá dtagraítear sa dara fomhír a bheidh ar fáil agus cé acu a chuirfidh nó nach gcuirfidh sé ar a gcumas do na cúirteanna nó do na húdaráis riaracháin a cheangal go rachfaí ar iontaoibh modhanna bunaithe eile roimh ré chun déileáil le gearáin, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 31. Beidh na modhanna sin ar fáil gan beann ar cibé acu atá na tomhaltóirí i gceist i gcríoch an Bhallstáit ina bhfuil an trádálaí lonnaithe nó i mBallstát eile.

Cinnfidh gach Ballstát an bhféadfar na modhanna dá dtagraítear sa dara fomhír a dhíriú:

(a)ar leithligh nó i gcomhpháirt in aghaidh roinnt trádálaithe ón earnáil eacnamaíoch chéanna;

(b)in aghaidh úinéir cóid i gcás ina gcuirtear chun cinn leis an gcód ábhartha neamhchomhlíonadh na gceanglas dlíthiúil.

2.Faoi na forálacha dlíthiúla dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, beidh cumhachtaí ag na cúirteanna náisiúnta nó na húdaráis riaracháin a chuirfidh ar a gcumas dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh, i gcásanna ina measann siad go bhfuil gá le bearta den sórt sin agus gach leas lena mbaineann á chur san áireamh, go háirithe leas an phobail:

(a)a ordú go scoirfear de chleachtais tráchtála éagóracha, nó imeachtaí dlíthiúla iomchuí a thionscnamh le haghaidh ordú go scoirfear de chleachtais tráchtála éagóracha;

nó

(b)i gcás nach bhfuil an cleachtas tráchtála éagórach curtha i gcrích go fóill ach go bhfuil sé ar tí tarlú, a ordú go gcuirfear toirmeasc ar an gcleachtas, nó imeachtaí dlíthiúla iomchuí a thionscnamh le haghaidh ordú chun toirmeasc a chur ar an gcleachtas,

fiú gan cruthúnas a bheith ann ar chaillteanas nó damáiste iarbhír ná ar intinn nó faillí ar thaobh an trádálaí.

Déanfaidh na Ballstáit foráil freisin maidir leis na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheidh le déanamh faoi nós imeachta brostaithe:

(a)ag a mbeidh éifeacht eatramhach;

nó

(b)ag a mbeidh éifeacht chinntitheach,

ar an tuiscint gur faoi gach Ballstát atá sé a chinneadh cé acu den dá rogha a roghnófar.

Thairis sin, d’fhonn deireadh a chur le hiarmhairtí leanúnacha na gcleachtas tráchtála éagórach, ar ordaíodh deireadh a chur leo trí chinneadh críochnaitheach, féadfaidh na Ballstáit cumhachtaí a thabhairt do na cúirteanna nó do na húdaráis riaracháin lena gcumasaítear dóibh:

(a)a cheangal go bhfoilseofar an cinneadh sin ina iomláine nó go páirteach agus i cibé foirm a mheasfaidh siad a bheith leordhóthanach;

(b)a cheangal ina theannta sin go bhfoilseofar ráiteas ceartaitheach.

3.Maidir leis na húdaráis riaracháin dá dtagraítear i mír 1:

(a)beidh siad comhdhéanta sa chaoi nach gcaithfí amhras ar a neamhchlaontacht;

(b)beidh cumhachtaí leordhóthanacha acu, i gcás ina ndéanann siad cinneadh maidir le gearáin, chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chomhlíonadh a gcinntí agus chun an comhlíonadh sin a fhorfheidhmiú go héifeachtach;

(c)tabharfaidh siad cúiseanna lena gcinntí de ghnáth.

I gcás ina bhfuil na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2 á bhfeidhmiú go heisiach ag údarás riaracháin:

(a)tabharfar cúiseanna lena chinntí i gcónaí;

(b)déanfar foráil maidir le nósanna imeachta trína bhféadfaidh feidhmiú míchuí nó míréasúnta a chumhachtaí ag an údarás riaracháin nó mainneachtain mhíchuí nó mhíréasúnta na cumhachtaí sin a fheidhmiú a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach.

4.Beidh cumhachtaí ag an gCoimisiún chun comhlíonadh an Rialacháin seo a imscrúdú agus a fhorfheidhmiú maidir le sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) [an Rialachán nua CCT] i gcomhréir le Caibidil III den Rialachán sin, ach amháin i ndáil leis na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 2(3), (4), (7), agus (8) agus Airteagal 28(3) den Rialachán seo.

5.De mhaolú ar mhír 1, an tríú fomhír, is iad na húdaráis inniúla arna n-ainmniú faoi Airteagal 34 de Rialachán (AE) [Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne ] a dhéanfaidh Airteagal 14(2), Airteagal 15(3) agus Airteagal 16 den Rialachán seo a fhorfheidhmiú agus a mhaoirsiú i gcás trádálaithe a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin faoi na coinníollacha a shonraítear san Airteagal sin. Chun na críche sin, aon tagairt i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065 do chomhlíonadh nó neamhchomhlíonadh fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2022/2065 agus Chaibidil IX de Rialachán (AE) 2024/1689 maidir le comhlíonadh nó neamhchomhlíonadh fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2024/1689, measfar go n-áirítear léi Airteagal 14(2), Airteagal 15(3) agus Airteagal 16 den Rialachán seo.

De mhaolú ar mhír 1, an tríú fomhír, is iad na húdaráis arna n-ainmniú i gcomhréir le Caibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065 a dhéanfaidh Airteagal 17(1) den Rialachán seo a fhorfheidhmiú agus a mhaoirsiú i gcás trádálaithe ar soláthraithe ardán ar líne iad de bhun Rialachán (AE) 2022/2065 agus is iad údaráis arna n-ainmniú de bhun Airteagail 70, 74 agus 75 de Rialachán (AE) 2024/1689 a dhéanfaidh amhlaidh i gcás trádálaithe ar soláthraithe nó úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga iad a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/1689. Chun na críche sin, beidh feidhm ag Caibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065 agus Caibidil IX de Rialachán (AE) 2024/1689 agus measfar go n-áirítear Airteagal 17(1) den Rialachán seo le haon tagairt iontu do chomhlíonadh na bhforálacha ábhartha de Rialachán (AE) 2022/2065 agus Rialachán (AE) 2024/1689.

Ba cheart forfheidhmiú faoin mír seo a bheith gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit a chur ar a gcumas do dhaoine nó d’eagraíochtaí a meastar faoin dlí náisiúnta go bhfuil leas dlisteanach acu cleachtais tráchtála éagóracha a chomhrac, lena n-áirítear iomaitheoirí, caingean dlí a thionscnamh in aghaidh na gcleachtas tráchtála éagórach sin.

6.Na húdaráis a d’ainmnigh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 49 de Rialachán (AE) 2022/2065 agus Airteagail 70 agus 74 de Rialachán (AE) 2024/1689, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis sin inniúil chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar Airteagal 14(2), Airteagal 15(3), Airteagal 16 agus Airteagal 17(1) den Rialachán seo i leith trádálaithe a shonraítear i mír 5 a thagann faoi inniúlacht na n-údarás inniúil náisiúnta.

7.A mhéid a thugtar cumhachtaí don Choimisiún faoi Roinn 4 de Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065 agus Caibidil IX de Rialachán (AE) 2024/1689, cumhdófar leis na cumhachtaí sin maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagal 14(2), Airteagal 15(3), Airteagal 16 agus Airteagal 17(1) den Rialachán seo.

8.Nuair a dhéanann údarás riaracháin náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 nó údarás inniúil dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo cinneadh maidir le hábhar atá ina ábhar cheana féin do chinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(2), Airteagal 15(3) agus Airteagal 16 den Rialachán seo nó a bhaineann leis an ábhar a rialaítear in Airteagal 17 den Rialachán seo, ní dhéanfaidh an t-údarás aon chinneadh a thagann salach ar an gcinneadh sin ón gCoimisiún.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 5 Ina theannta sin, i bhfianaise samhlacha gnó atá ag athrú, go háirithe i margaí digiteacha, ní leor…
  • Aithris 84 Maidir le daoine nó eagraíochtaí a meastar faoin dlí náisiúnta go bhfuil leas dlisteanach acu san ábhar, ba…

In ionad

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • tomhaltóir

    ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin

    Article 3, point (1)

  • trádálaí

    ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin agus aon duine atá ag gníomhú in ainm trádálaí nó thar ceann trádálaí

    Article 3, point (2)

  • cleachtas tráchtála

    ciallaíonn ‘cleachtas tráchtála’ aon bheart, neamhghníomh, iompraíocht nó léiriú, cumarsáid tráchtála lena n-áirítear fógraíocht agus margaíocht, a dhéanann trádálaí, ag a bhfuil ceangal díreach le cur chun cinn, díol nó soláthar táirge do thomhaltóirí

    Article 3, point (3)

  • leanbh

    ciallaíonn ‘mionaoiseach’ nó ‘leanbh’ aon duine nádúrtha faoi bhun 18 mbliana d’aois

    Article 3, point (16)

  • úinéir cóid

    ciallaíonn ‘úinéir cóid’ aon eintiteas, lena n-áirítear trádálaí nó grúpa trádálaithe, atá freagrach as cód iompair a fhoirmliú agus a athbhreithniú agus/nó as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an chóid acu siúd a ghabh orthu féin a bheith faoi cheangal aige

    Article 3, point (33)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…